Reáchtálann an coláiste cúrsaí d’ardchaighdeán. Tá na múinteoirí gairmiúil, fuinniúil agus tuisceanach i leith fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Cuireann an coláiste béim ar labhairt na Gaeilge agus ar an gcultúr Gaelach lena chinntiú go mbaineann gach dalta faoinár gcúram idir thaitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheann sé/sí linn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Tuigeann an coláiste an tábhacht a bhaineann le ceartúsáid na Gaeilge agus dírítear ar phointí gramadaí le linn na seisiún ar fad – go háirithe sna ranganna ar maidin.

The college organises high quality courses. The teachers are professional, energetic and understanding towards learners of Irish. The college places an emphasis on spoken Irish and the Irish culture so that every student in our care enjoys their time in the Gaeltacht of Gaoth Dobhair. The college understands the importance of correct usage of Irish and concentrate on grammar points during all sessions – especially in the morning classes.

Bunaíodh an coláiste sa bhliain 2010 chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil i gceantar Ghaoth Dobhair. Tá an coláiste ag dul ó neart go neart ó shin, ag soláthar cúrsaí Gaeilge do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

The college was founded in 2010 to organise Irish courses in the Gaoth Dobhair area. The college has been going from strength to strength ever since, providing Irish courses for young people and adults.

Is ceantar draíochtach é Gaoth Dobhair atá neadaithe i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá Gaeilge shaibhir ag muintir na háite agus tá an cultúr gaelach beo beathach ann fosta. Tá aoibhneas an nádúir le feiceáil ó cheann ceann Ghaoth Dobhair – tránna áille, Oileán Thoraí, Oileán Ghabhla, Sliabh na hEaragaile agus Loch Altan i measc na radharc.

Gaoth Dobhair is a magical area nestled in the Donegal Gaeltacht. The local people are fluent in the Irish language and the Irish culture is alive and thriving also. The beauty of nature can be seen all over Gaoth Dobhair – beautiful beaches, Tory Island, Gola Island, Mount Errigal and Altan Lake to name but a few.

Ráiteas maidir le cúrsaí ar ceal 22/04/2020

Is le brón agus díoma go bhfuil ar Choláiste Ghaoth Dobhair na cúrsaí samhraidh do dhaoine óga a bhí le bheith againn a chur ar ceal. Tá an cinneadh seo déanta bunaithe ar threoir ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tuigimid gur am dúshlánach é seo do gach duine agus ba mhaith le Coláiste Ghaoth Dobhair socruithe a dhéanamh le haon duine a bhfuil éarlais nó táillí íoctha acu cheana féin. Tabharfaidh an coláiste aisíoc iomlan duit nó is féidir leat an t-airgead a chur i dtreo cúrsaí na bliana seo chugainn. Déan teagmháil linn ar info@cgd.ie nó ar 087 7431398 / 087 9860298. Ní bhíonn in aon rud ach seal agus tá súil againn go dtiocfaidh deireadh leis an gcoróinvíreas go luath. Idir an dá linn, coinnigí sábháilte agus ádh mór. Le meas, Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile (Stiúrthóirí an choláiste) ********************** Statement regarding cancelled courses 22/04/2020 It is with sadness and disappointment that Coláiste Ghaoth Dobhair have to cancel their summer courses for young people. This decision was made based on direction from the Health Service Executive and the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht. We understand that this is a challenging time for everyone and Coláiste Ghaoth Dobhair would like to make arrangements with anyone who has paid a deposit or fees. The college will reimburse you or you can put the money towards next year’s courses. You can contact us on info@cgd.ie or 087 7431398 / 087 9860298. Nothing lasts forever and we hope the end of the coronavirus comes soon. In the meantime, keep safe and best of luck. Regards, Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile (College directors)

Scroll to Top