Teachers Course Of Colaiste Chu Chulainn
Coláiste Ghaoth Dobhair will provide complementary coaches to all social outings organised.
Clár an chúrsa
Leanann Coláiste Ghaoth Dobhair/Chú Chulainn na treoirlínte sna Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do mhic léinn oideachais. Is clár é seo atá curtha le chéile ag Grúpa Oibre na nInstitiúidí Oideachais i gcomhar le CONCOS agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Cur chuige
Thosaíomar ag solathrú cúrsaí Gaeltachta do mhic léinn oideachais sa bhliain 2014 agus táimid ag dul ó neart go neart ó shin.Tá foireann teagaisc atá díograiseach, tiomáinte agus fuinniúil sa choláiste. Tuigeann baill foirne an choláiste an tábhacht a bhaineann le spreagadh agus dírítear ar mhuinín na mac léinn a chothú ionas go mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid as a stuaim féin, laistigh agus lasmuigh de na ranganna Is é an cuspóir atá ag Coláiste Ghaoth Dobhair/Chú Chulain ná cabhrú le gach mac léinn dul chun cinn suntasach a dhéanamh i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Cuireann an coláiste béim ar labhairt na Gaeilge agus ar an gcultúr Gaelach lena chinntiú go mbaineann gach mac léinn faoinár gcúram idir thaitneamh agus tairbhe as an tréimhse foghlama a chaitheann sé/sí linn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Táille an chúrsa €750