Polasaí i leith Alcóil agus Substaintí Aindleathacha

Daoine óga

  • 1.   Níl cead ag aon dalta faoi bhun a hocht mbliana déag d’aois alcól a ól ná substaintí aindleathacha a ghlacadh. Tógann an coláiste an ceart air féin aon dalta a sháraíonn an riail seo a dhíbirt ón gcoláiste. No student under the age of 18 years is permitted to drink alcohol or take illegal substances. The college reserves the right to expel any student who breaches this rule.

Daoine fásta

  • 2.     Aithníonn Coláiste Ghaoth Dobhair gur daoine fásta iad na mic léinn ollscoile a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge linn. Coláiste Ghaoth Dobhair recognises that university students who attend our courses are adults.
  • 3.     Iarrtar ar gach mac léinn a bheith cúramach agus ciallmhar má bhíonn sé/sí ag ól alcóil agus gan é/í féin a chur i mbaol. All students are asked to be careful and sensible if drinking alcohol and not to put themselves in danger.
  • 4.    Níl cead ag mic léinn deochanna meisciúla ná substaintí aindleathacha a thabhairt isteach sa choláiste ná a bheith faoi thionchar alcóil nó substaintí aindleathacha le linn imeachtaí oifigiúla an chúrsa. Students are not permitted to bring alcohol or illegal substances into the college or to be under the influence of alcohol or illegal substances during official course activities.
  • 5.    Ní mór do mhic léinn oideachais a chur san áireamh go bhfuil siad ag traenáil le bheith ina múinteoirí bunscoile/meánscoile agus an t-iompar cuí a luíonn leis an ngairm seo a léiriú ó thús deireadh an chúrsa.Those students training to be teachers should be mindful that they are training to be primary/secondary teachers and display the appropriate behaviour that goes with this profession throughout the course.
  • 6.    Ní cheadaítear do mhic léinn a bheith ag ól, ag glacadh substaintí aindleathacha ná bailiúchán buidéal alcóil a bheith acu sa teach lóistín. Níl sé sláintiúl ná cóir a leithéid a dhéanamh i dtithe na mban/na bhfear tí.Students are not permitted to drink alcohol, take illegal substances or have a collection of alcohol bottles in the accommodation. It is not healthy or right to do so in bean an tí/fear an tí’s house.
  • 7.    Ní ghlacfaidh an coláiste le drochiompar de bharr mí-úsáid alcóil ná substaintí aindleathacha. Tógann an coláiste an ceart air féin aon mhac léinn a sháraíonn an riail seo a dhíbirt ón gcoláiste láithreach. The college will not accept bad behaviour due to alcohol or illegal substance abuse. The college reserves the right to expel any student who breaches this rule.
  • 8. Cuirtear i gcuimhne do gach mac léinn go bhfuil sé/sí sa Ghaeltacht mar chuid dá c(h)úrsa oiliúna. Beifear ag súil leis go mbeidh gach mac léinn rannpháirteach agus gníomhach le linn gach seisiún. Students are reminded that they are in the Gaeltacht as part of their training course. It is expected that all student participate and are active in all sessions.
  • 9.    Déanfaidh an coláiste teagmháil leis an nGarda Síochána má tharlaíonn aon eachtra tromchúiseach de bharr alcóil nó má bhíonn substaintí aindleathacha i seilbh nó in úsáid ag aon mhac léinn.The college will inform An Garda Síochána should any serious event occur due to alcohol or if a student is in possession of or taking illegal substances.
  • 10.    Tá cead achomhairc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis a ghearrfar ar aon mhac léinn. Féach polasaí achomhairc an choláiste. Every student has the right to appeal. See college’s appeals policy.

Ghlac coiste stiúrtha an choláiste leis an bpolasaí seo ar an 28/09/2018 agus rinneadh leasuithe ar an bpolasaí ar an 30 Aibreán 2019.
Dáta an chéad athbhreithniú eile:  30 Aibreán 2020

Scroll to Top