Ráiteas maidir le cúrsaí ar ceal 22/04/2020
Is le brón agus díoma go bhfuil ar Choláiste Ghaoth Dobhair na cúrsaí samhraidh do dhaoine óga a bhí le bheith againn a chur ar ceal. Tá an cinneadh seo déanta bunaithe ar threoir ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Tuigimid gur am dúshlánach é seo do gach duine agus ba mhaith le Coláiste Ghaoth Dobhair socruithe a dhéanamh le haon duine a bhfuil éarlais nó táillí íoctha acu cheana féin. Tabharfaidh an coláiste aisíoc iomlan duit nó is féidir leat an t-airgead a chur i dtreo cúrsaí na bliana seo chugainn.
Déan teagmháil linn ar info@cgd.ie nó ar 087 7431398 / 087 9860298.
Ní bhíonn in aon rud ach seal agus tá súil againn go dtiocfaidh deireadh leis an gcoróinvíreas go luath. Idir an dá linn, coinnigí sábháilte agus ádh mór.
Le meas,
Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile
(Stiúrthóirí an choláiste)
**********************
Statement regarding cancelled courses 22/04/2020
It is with sadness and disappointment that Coláiste Ghaoth Dobhair have to cancel their summer courses for young people. This decision was made based on direction from the Health Service Executive and the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht.
We understand that this is a challenging time for everyone and Coláiste Ghaoth Dobhair would like to make arrangements with anyone who has paid a deposit or fees. The college will reimburse you or you can put the money towards next year’s courses.
You can contact us on info@cgd.ie or 087 7431398 / 087 9860298.
Nothing lasts forever and we hope the end of the coronavirus comes soon. In the meantime, keep safe and best of luck.
Regards,
Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile
(College directors)