FOIRM IARRATAIS
Múinteoirí & Príomhoidí

Download Application

Coláiste Ghaoth Dobhair

Ghaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall. cgd.ie

  • EOLAS BREISE

    An bhfuil aon cháilíocht agat sna réimsí seo a leanas agus má tá, cén bhliain a fuair tu iad? Cuir an litir ‘X’ sa cholún ar dheis muna mbaineann.

  • Tabhair ainm, seoladh agus uimhir ghutháin beirt mholtóirí, le’d thoil, do phríomhoide scoile san áireamh:
  • Moltóir 1

  • Moltóir 2

  • Táim sásta glacadh le coinníollacha Choláiste Ghaoth Dobhair a míníodh ag an gcúrsa inseirbhíse agus sa litir a tugadh dom

Léigh na treoracha thíos go cúramach

Rialacháin faoina dTugtar Aitheantas do Choláistí Gaeilge

Na Critéir maidir le Fostú Múinteoirí

Ní mór An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a shásamh maidir le cáilíochtaí na n-oidí atá le bheith i mbun an chúrsa, agus an Chomhairle Mhúinteoireachta agus na hInstitiúidí Ardoideachais a shásamh maidir le cúrsaí a chuirtear ar fáil faoi Aicme A don Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht. Tá sé riachtanach go mbeidh na múinteoirí ar fad a bheidh fostaithe ag Coláiste Gaeilge cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Déanfar eisceacht den fhoireann cháilithe teagaisc sin atá nó a bhí fostaithe chun críche Theagasc na Gaeilge sna hInstitiúidí Ardoideachais a chuireann Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht ar fáil d'Ábhar Oidí. De bhreis air sin, ní mór ardchumas a bheith ag na múinteoirí a fhostaítear i labhairt agus i scríobh na Gaeilge (i. Gaeilge líofa), taithí mhaith a bheith acu ar mhúineadh na Gaeilge agus dea-theist a bheith orthu mar mhúinteoirí. An té a bheadh le ceapadh mar oide do chúrsa Aicme A, ba chóir go mbeadh ardcháilíocht i nGaeilge agus ardchumas i labhairt agus i scríobh na teanga aige/aici. Is rud inmhianaithe é go mbeadh taithí aige/aici mar mhúinteoir bunscoile agus/nó eolas oibre maith aige/aice ar Churaclam Bunscoile na Gaeilge.

I gcás na foirne teagaisc ar chúrsaí Aicme A, B, C agus D, caithfidh ceann de na cáilíochtaí (i) - (v) thíos a bheith ag gach oide:

  • 10 (A) (i)

    Oiliúint mar oide bunscoile le Gaeilge líofa agus tréimhse phromhaidh shásúil a bheith bainte amach;

  • 10 (A) (ii)

    An Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile (TGMI) & tréimhse shásuil phromhaidh mar mhúinteoir a bheith curtha isteach

  • 10 (A) (iii)

    Céim Ollscoile le Gaeilge mar cheann de na príomhábhair & tréimhse shásúil phromhaidh mar mhúinteoir a bheith curtha isteach

  • 10 (A) (iv)

    Láncháilíocht mar oide agus ardchumas sa Ghaeilge i.e. Gaeilge líofa & tréimhse shásúil phromhaidh mar mhúinteoir a bheith curtha isteach

  • 10 (A) (v)

    Sa chás eisceachtúil go mbeadh ar ionadaí seasamh isteach d'fhéadfaí múinteoir a bheith cáilithe de réir na gcritéar 10(a) chun teagasc ar na cúrsaí Gaeilge a fhostú ach An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheith curtha ar an eolas láithreach ag e-phost: colaistigaeilge@ahg.gov.ie nó glaoch ar (091) 503700. Beidh an cinneadh deiridh i ngach cás ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ní mór Uimhir Chomhairle Mhúinteoireachta an oide a thabhairt ar an bhfoirm.Sa cholún"Cáilíochtaí i nGaeilge" ar an bhfoirm chéanna, is é atá á lorg ná uimhir na míre sna Rialacha seo faoina bhfuil an t-oide cáilithe mar mhúinteoir i gColáiste Samhraidh (mar shampla, más faoi "Mír 10(a)(v)"atá an t-oide cáilithe mar mhúinteoir i gColáiste Samhraidh, ba chóir "Mír 10(a)(v)" a scríobh).
Ní thabharfar aitheantas do thréimhse ar bith teagaisc a mhaítear i gcás múinteora nach bhfuil cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta ach amháin i gcásanna fíor-eisceachtúla ina gcruthaítear chun sástacht na Roinne go bhfuil céimeanna á dtógáil chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Breathnófar ar gach cás astu féin. Is féidir freisin go nglacfar le hoidí láncháilithe atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta i dTuaisceart Éirinn (GTCNI) i gcásanna áirithe. Beidh an cinneadh deiridh i ngach cás ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Príomh-fhreagrachtaí agus Dualgais an Phríomhoide

Príomh-fhreagrachtaí

  • Úsáid na Gaeilge mar theanga an chúrsa a éascú agus a dheimhniú
  • Timpeallacht ordúil agus slán a chinntiú
  • Dea-chaidrimh idir phobal uile an chúrsa agus leis an bpobal i gcoitinne a chothú
  • Socruithe a dhéanamh do sceidealú ranganna agus imeachtaí, cruthú rang-ghrúpaí, dáileadh múinteoirí ar rang-ghrúpaí etc. le cinntiú go bhfuil an leas is fearr á bhaint acmhainn foirne an choláiste
  • Feabhsú sa bhfoghlaim, sa teagaisc agus sa mheasúnú a chur chun cinn trí chlár oibre ginearálta a leagadh amach
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chlár foghlama teanga an Choláiste agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil ullmhúchán gearrthréimhseach na n-oidí curtha in oiriúint do riachtanais a rang-ghrúpaí féin, go háirithe i gcásanna ina malartaítear ranganna agus i gcás oidí nua-cheaptha
  • Rannpháirtíocht iomlánaíoch scoláirí in imeachtaí uile an chúrsa a spreagadh agus a éascú
  • Deiseanna ar róil cheannaireachta a chruthú do bhaill foirne agus do scoláirí
  • Meastóireacht a dhéanamh ar a c(h)umas féin mar cheannaire agus forbairt a dhéanamh ar a t(h)uiscintí féin.
  • Oibriú i gcomhpháirt le húdárais an Choláiste Gaeilge ar mhaithe le cáilíocht an tsoláthair a thabhairt chun cinn.

Dualgais an Phríomhoide

Beifear ag súil leis, ar mhaithe le dea-eagar agus dea-bhainistíocht na gcúrsaí Gaeilge, go mbeidh:

  • an príomhoide féin, nó ionadaí dá c(h)uid, i láthair ag an gcoláiste Gaeilge leathuair roimh thús ranganna na maidine
  • plean an phríomhoide leagtha amach de réir na treorach a thugtar in 8 (c)
  • plean do gach rang ar leith, atá fréamhaithe sa Chlár Foghlama Teanga, ullmhaithe ag gach oide, maille le hullmhúchán gearrthréimhseach oiriúnach
  • na socruithe cuí i bhfeidhm chun díriú ar mholtaí a d’éirigh as meastóireachtaí de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna roimhe seo
  • na rollaí á gcoimeád de réir Rialachán na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
  • an comhoibriú cuí idir an príomhoide agus údáráis an Choláiste Gaeilge ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil cúrsa d’ardchaighdeán á chur ar fáil
  • cuairteanna rialta á dtabhairt ar na tithe lóistín, de réir mar is cuí
  • an Príomhoide ceaptha mar Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe de réir mar a éilíonn na forálacha i Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige 2011)
An fhoirm seo a líonadh isteach agus í a sheoladh chuig:

Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile
Coláiste Ghaoth Dobhair/Chú Chulainn
Gaoth Dobhair
Leitir Ceanainn
Contae Dhún na nGall

Scroll to Top