FOIRM IARRATAIS
CEANNAIRÍ agus CÚNTÓIRÍ ÁITIÚLA
Download Application
Coláiste Ghaoth Dobhair
Ghaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall. cgd.ie
RIALACHÁIN FAOINA dTUGTAR AITHEANTAS DO CHOLÁISTÍ GAEILGE
Ardchinnirí
Glacfar le hoidí nó le daoine nach oidí iad ach a bhfuil Gaeilge an-mhaith acu mar ardchinnirí faoi stiúradh an Phríomhoide i mbun imeachtaí iarnóna agus oíche. Ceadófar, ar a mhéad, ardchinnire amháin do gach cúigear scoláire is fiche.
Cáilíochtaí
Beidh na hardchinnirí os cionn 18 mbliana d'aois ar 1 Iúil de bhliain an chúrsa nó beidh siad os cionn 17 mbliana d'aois agus scrúdú na hArdteistiméireachta déanta acu faoin dáta céanna. Cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh iontu nó beidh tréimhsí caite acu mar scoláirí/mhic léinn i gColáiste Gaeilge. Beidh tuiscint acu do dhaoine óga. Beidh cumas iontu chun comhoibriú leis an bPríomhoide agus leis an bhfoireann teagaisc chun imeachtaí oiriúnacha a eagrú agus chun maoirseacht a dhéanamh ar dhaoine óga. Tá sé inmhianaithe go mbeadh saineolas acu ar ghnéithe áirithe de chaitheamh aimsire na scoláirí/mac léinn, mar shampla, ceol, rincí, cluichí, snámh agus araile.
Dualgais
Cuirfear cúraimí ar na hardchinnirí a bhaineann le forbairt Ghaeilge na scoláirí/mac léinn in imeachtaí lasmuigh den rang. (Féach Riail 9(f)).
- Ba chóir sonraí faoi na hardchinnirí a thabhairt ar rolla ar leith.
- Moltar go mbeidh ardchinnire amháin in aghaidh gach 25 mhac léinn a bhíonn ar rollaí an choláiste.
- Ba chóir an t-eolas ar fad i leith ardchinnirí a lorgaítear a chur ar fáil sa bhfoirm iarratais.
Cúntóirí Áitiúla
Is gnó do na Coláistí féin é cúntóirí a cheapadh i.e. daoine áitiúla atá ós cionn 15 bliana d’aois, nó a bhfuil an teastas sóisearach críochnaithe acu agus / nó atá faoi bhun 24 mbliana déag d’aois agus atá ag freastal go lán-aimseartha ar choláiste 3ú leibhéil agus a bhfuil an Roinn sásta gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga baile. Cúntóir amháin in aghaidh gach 20 scoláire/mac léinn a bheidh i gceist. Ní bheidh aon tionchar ag an socrú seo ar na hArdchinnirí atá inghlactha cheana faoin scéim. Moltar do choláistí an deis a thapú ceangal láidir idir óige na Gaeltachta agus na foghlaimeoirí a fhorbairt, le linn cúrsaí agus ina dhiaidh sin, trí chúntóirí a cheapadh.