Family Courses
Tá cúrsaí teaghlaigh ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn uatha tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht le chéile. Is deis iontach í seo do theaghlaigh blaiseadh a fháil de shaol naGaeltachta agus chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha agus ar a gcuid Gaeilge scríofa.
Family courses are available for those who would like to spend time in the Gaeltacht together. This is a wonderful opportunity for families to get a taste of life in the Gaeltacht and to improve on their spoken Irish and written Irish.
Clár an lae / Daily programme
10am–3pm: Ranganna foirmeálta agus imeachtaí éagsúla.
Formal classes and a variety of activities.
Is ceantar álainn é Gaoth Dobhair. Tá Gaeilge shaibhir ag muintir na háite agus tá an cultúr gaelach beo beathach ann fosta. Tá aoibhneas an nádúir le feiceáil ó cheann ceann Ghaoth Dobhair–tránna áille, Oileán Thoraí, Oileán Ghabhla, Sliabh na hEaragaile agus Loch Altan i measc na radharc.
Gaoth Dobhair is a beautiful area. The local people are fluent in the Irish language and the Irish cultureis alive and thriving. The beauty of nature can be seen all over Gaoth Dobhair–beautiful beaches, Tory Island, Gola Island, Mount Errigal and Altan Lake to name but afew.
Cláraigh don chúrsa/ Register for course
Ranganna foirmeálta
Díreoidh na múinteoirí ar struchtúr na Gaeilge, ar nathanna cainte úsáideacha agus ar shaibhreas na teanga.
Formal classes: Teachers will concentrate on the structure of Irish, useful phrases and the richness of the language.
Imeachtaí sa choláiste
Cluichí lasmuigh, cluichí faoi dhíon, cluichí boird, rincí Gaelacha, amhránaíocht, spraoi agus spórt ar an trá, siúlóidí treoraithe agus ealaín.
College activities: Outdoor games, indoor games, board games, Irish dancing, singing, fun and sport at the beach, guided walks and art.
- Braitheann cuid de na himeachtaí thuasluaite ar an aimsir.
- Some of the above mentioned activities are weather dependant.
Dátaí na gcúrsaí 2020/ Course dates 2020
Táille an chúrsa/ Course fee
Lóistín agus taisteal/ Accommodation and travel
Téigh chuig suíomh idirlín www.booking.com le haghaidh eolais faoi lóistín sa cheantar. Nóta: Is féidir eitilt a fháil ó Bhaile Átha Cliath chuig aerfort Dhún na nGall. Tá an t-aefort 15 nóiméad ó Ghaoth Dobhair agus tá seirbhís tacsaí ar fáil.
Go to www.booking.com for information on accommodation in the area. Note: Flights available from Dublin to Donegal airport. The airport is 15 minutes from Gaoth Dobhair and a taxi service is available. www.donegalairport.ie
Beidh carr ag teastáil i rith an chúrsa chun taisteal chuig an gcoláiste. A car will be needed to travel to the college during the course.