Toisc nach féidir cúrsaí Gaeltachta a reáchtáil de bharr na srianta a bhaineann le
COVID-19, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta i ndiaidh cead a thabhairt ar bhonn eisceachtúil cúrsaí ar líne a chur ar fáil mar mhalairt ar an chúrsa Gaeltachta. Dá bhrí sin, aithneofar an cúrsa seo de chuid Choláiste Ghaoth Dobhair mar sheachtain amháin den tréimhse foghlama sa Ghaeltacht atá riachtanach dóibh siúd atá ag iarraidh cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach.
N.B. Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach don fhoghlaimeoir páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach chuid den chúrsa chun go mbronnfar teastas cúrsa orthu.
Beidh cóimheas 1:25 i ngach rang
Dáta an chúrsa:
15 Feabhra 2021 – 20 Feabhra 2021
29 Márta 2021 – 3 Aibreán 2021
5 Aibreán 2021 – 10 Aibreán 2021
Táille an chúrsa: €250
Seisiún na Maidine (Morning Session)
9.30am – 1.00pm
Seisiún na hIarnóna (Afternoon Session)
2.00pm – 4.15pm
Clár an chúrsa (Course content)
SCG Cóir Ghaoithe |
OCG Sruth na Maoile |
---|---|
Páipéar 1 + 2 (Paper 1 + 2) |
An Triail Scríofa (Written Exam) |
An Triail Chluastuisceana (Listening Comprehension) |
An scrúdú i labhairt na Gaeilge (Oral exam) |
An Scrúdú i labhairt na Gaeilge (Oral exam) |