Cúrsaí d’Ábhair Oidí

Cúrsa gníomhaíochta do dhaltaí idirbhliana

Clár an chúrsa

Leanann Coláiste Ghaoth Dobhair/Chú Chulainn na treoirlínte sna Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do mhic léinn oideachais. Is clár é seo atá curtha le chéile ag Grúpa Oibre na nInstitiúidí Oideachais i gcomhar le CONCOS agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Cur chuige

Thosaíomar ag solathrú cúrsaí Gaeltachta do mhic léinn oideachais sa bhliain 2014 agus táimid ag dul ó neart go neart ó shin.Tá foireann teagaisc atá díograiseach, tiomáinte agus fuinniúil sa choláiste. Tuigeann baill foirne an choláiste an tábhacht a bhaineann le spreagadh agus dírítear ar mhuinín na mac léinn a chothú ionas go mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid as a stuaim féin, laistigh agus lasmuigh de na ranganna Is é an cuspóir atá ag Coláiste Ghaoth Dobhair/Chú Chulain ná cabhrú le gach mac léinn dul chun cinn suntasach a dhéanamh i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Cuireann an coláiste béim ar labhairt na Gaeilge agus ar an gcultúr Gaelach lena chinntiú go mbaineann gach mac léinn faoinár gcúram idir thaitneamh agus tairbhe as an tréimhse foghlama a chaitheann sé/sí linn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Táille an chúrsa

€750

Dátaí na gcúrsaí / Course dates

Ranganna maidine

  • Labhairt na Gaeilge
  • Cúrsaí Gramadaí
  • Léamhthuiscint agus cluastuiscint
  • Téamaí Churaclam na Bunscoile
  • Litríocht, Stair agus Cultúr na hÉireann
  • Fillteán Foghlama
  • Díospóireacht – Tasc 1, An Chéad Tréimhse Foghlama
  • Agallamh – Tasc 1, An Dara Tréimhse Foghlama

Imeachtaí Oíche

  • Céilithe agus Seisiúin cheoil
  • Ceolchoirmeacha/Drámaí
  • Aoichainteoirí
  • Tráth na gCeist
  • Oíche scoraíochta na Mac Léinn

Seisiúin Tráthnóna

  • Rince Gaelach
  • Ceol traidisiúnta
  • Amhránaíocht
  • Ealaín
  • Spórt
  • Drámaíocht
  • Múineadh na Gaeilge – Tasc 2, An Chéad Tréimhse Foghlama
  • Cluichí clóis agus cluichí boird – Tasc 2, An Dara Tréimhse Foghlama

Áiseanna sa Choláiste

  • Seomraí ranga agus seomraí staidéir
  • Seomra ríomhairí
  • Wi-Fi agus Leathanbhanda
  • Áiseanna spóirt – halla spóirt agus páirceanna imeartha
  • Tae agus caife
Scroll to Top