Cúrsaí ar fáil tríd an bhliain acadúil ar fad
Clár an chúrsa
Leanann Coláiste Ghaoth Dobhair na treoirlínte sna Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do mhic léinn oideachais. Is clár é seo atá curtha le chéile ag Grúpa Oibre na nInstitiúidí Oideachais i gcomhar le CONCOS agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Cur chuige
Thosaigh an coláiste ag solathrú cúrsaí Gaeltachta do mhic léinn oideachais sa bhliain 2014 agus táimid ag dul ó neart go neart ó shin.Tá foireann theagaisc atá díograiseach, tiomáinte agus fuinniúil sa choláiste. Tuigeann foireann an choláiste an tábhacht a bhaineann le spreagadh agus dírítear ar mhuinín na mac léinn a chothú ionas go mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid as a stuaim féin, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Is é an cuspóir atá ag Coláiste Ghaoth Dobhair ná cabhrú le gach mac léinn dul chun cinn suntasach a dhéanamh i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Cuireann an coláiste béim ar labhairt na Gaeilge agus ar an gcultúr Gaelach lena chinntiú go mbaineann gach mac léinn faoinár gcúram idir thaitneamh agus tairbhe as an tréimhse foghlama a chaitheann sé/sí linn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Cláraigh don chúrsa/ Register for course
Saturday, Apr 4, 2020 - Saturday, Apr 18, 2020