Coláiste Ghaoth Dobhair

Oideachas Gaeltachta a neartú is a leathnú

Fáilte chuig suíomh idirlín Choláiste Ghaoth Dobhair

Bunaíodh an coláiste sa bhliain 2010 chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta i gceantar Ghaoth Dobhair. Tá Gaeilge shaibhir ag muintir na háite agus tá an cultúr gaelach beo beathach ann fosta. Is í aidhm an choláiste ná eispéireas iomlán na Gaeltachta a thabhairt do gach foghlaimeoir Gaeilge a fhreastalaíonn ar chúrsaí linn. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt chuig ár suíomh idirlín.

Teistiméireachtaí

Aisling Uí Fhaoileáin

Gaelscoil Bhaile Munna

Tá Gaelscoil Bhaile Munna ag déanamh a dturas scoile go Gaeltacht Ghaoth Dobhair le ceithre bliana anuas. Ócáid speisialta é seo ina a mbíonn daltaí rang 5/6 ag pléascadh le féilire na scoil bhliana a fháil chun na dátaí don turas a fháil amach. Go h'ionraice, téann ard mholadh go huile agus go hiomlán chuig Coláiste Ghaoth Dobhair. Ón chéad bhliain a shroicheamar Gaoth Dobhair bhí gach rud eagraithe den chéad scoth, bhí na múinteoirí ranga curtha ar a suaimhneas láithreach. Ghlac múinteoirí agus ceannairí an choláiste thar. Díreach, tógann tú faoi deara and cleachtadh agus an taithí atá acu ag obair le leanaí. Tá na scoláirí gníomhach agus iad sáite sa tum oideachas. Ó thurais laethúil, imeachtaí maidine, Iarnóin agus imeachtaí oíche tá na daltaí ag caint agus ag cloisteáil an Ghaeilge mór thimpeall. Rud atá álainn le feiceáil, gan fiú labhairt ar an áilleacht a bhaineann le ceantar Ghaoth Dobhair. Rinneamar an cinneadh ceithre bliana ó shin an turas seo a thosach sa scoil mar go raibh muid ag iarraidh na daltaí cuimhne buan a bheith acu agus iad a fágáil na scoile. Sílim gur bhain muid ár sprioc amach mar go mbíonn tuismitheoirí fós ag rá linn gurb é an turas sin a mbíonn a cuid páistí fós ag caint faoi go dtí an lá atá inniu againn. Ár mana i nGaelscoil Bhaile Munna nó spiorad, misneach agus bród. Leis an turas seo go dtí an Ghaeltacht gach bliain tógann muid seans do na leanaí spiorad agus cultar na Gaeltachta a fheiceáil lena súile féin. Chomh maith le bród agus misneach a chruthú da dteanga náisiúnta.

Colmán Mac Cumhaill

Gaelscoil na gCeithre Maistrí

D’Fhreastal daltaí ón Ghaelscoil ar Choláiste Ghaoth Dobhair anuraidh. Bhain na daltaí an-sult as agus tá an-áthas orainn go bhfuil ardú 100% ar líon na ndaltaí atá ag dul i mbliana, thug mé faoi deara go raibh na daltaí ag foghlaim agus ag caint na Gaeilge i mbealach spraíúil, thaitneamhach, bhí said ar thurais shuimiúil, ag ceilí, ag bádóireacht agus ag glacadh páirt i spóirt uisce thíos fá na tránna ghalánta atá sa cheantar. Bhí na tithe ina raibh said ag fanacht ar ard chaighdéan agus na mná tí an-chairdiúil.

 

Mholfainn go mór Coláiste Ghaoth Dobhair.

Colmán

Eamonn Catterson

Gaelscoil Eiscir Riada

Le cúpla bliain anuas, d'fhreastal daltaí ón dá Rang a 6 ó Ghaelscoil Eiscir Riada ar thuras go Gaeltacht Thír Chonaill i lár Ghaoth Dobhair ar chúrsa samhraidh Gaeilge a bhíonn á reachtáil ag Coláiste Ghaoth Dobhair. Bhí an cúrsa seo taitneamhach, spraoiúil, spleodrach agus eagraithe go hiontach ag foireann an Choláiste agus bhí sé soiléir ón gcéad lá ansin gur an phríomh- aidhm a bhí ag Coláiste Ghaoth Dobhair ná an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí amchlár dochreidte leagtha amach dúinn le neart imeachtaí, cluichí agus ranganna Gaeilge. Bhí deis ag achan pháiste blaiseadh a fháil ar shaol, cultúr agus Gaeilge na háite. Bhí fáilte ollmhór curtha romhainn nuair a thug muid cuairt ar Scoil Ghaeltachta tuaithe agus bhí an deis ag na páistí an Ghaeilge a choisteáil, Gaeilge s'acu fhéin a chleachtadh agus cairde úra a dhéanamh. D'éirigh linn cuairt a thabhairt ar Dún Lúiche, Gleann Bheatha agus tránna galánta an cheantair a fheiceáil chomh maith. Bhí go leor imeachtaí eile ar siúl againn cosúil le Spórt uisce, cluichí peile agus céilithe. Bhí achan rud a bhain leis an cúrsa ar ard chaighdéan idir an na tithe, na mná tí, an fhoireann, an eagraíocht, na ranganna agus na himeachtaí uilig. Ní dhéanfaidh na páistí dearmad ar na cuimhní seo i chíoche agus an am speisialta seo a chaith siad sa Ghaeltacht.. Mholfainn go mór Cólaiste Ghaoth Dobhair

Hannah Gallagher

 5th Class Teacher Mary Queen of Angels 1, Ballyfermot,

My 5th class from Mary Queen of Angels 1, Ballyfermot, thoroughly benefited from the Gaeltacht experience which was made even more authentic and enjoyable by Colaiste Gaoth Dobhair. During the week spent there, they engaged in a range of activities both inside and outside the classroom setting. Some of the highlights for us included the boat trip to Gola Island, the BBQ on the beach and the petting farm all of which were experienced through the Irish language. My class and I would highly recommend this Gaeltacht trio and would like to thank the staff at Colaiste Gaoth Dobhair.

 

Ráiteas maidir le cúrsaí ar ceal 22/04/2020

Is le brón agus díoma go bhfuil ar Choláiste Ghaoth Dobhair na cúrsaí samhraidh do dhaoine óga a bhí le bheith againn a chur ar ceal. Tá an cinneadh seo déanta bunaithe ar threoir ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tuigimid gur am dúshlánach é seo do gach duine agus ba mhaith le Coláiste Ghaoth Dobhair socruithe a dhéanamh le haon duine a bhfuil éarlais nó táillí íoctha acu cheana féin. Tabharfaidh an coláiste aisíoc iomlan duit nó is féidir leat an t-airgead a chur i dtreo cúrsaí na bliana seo chugainn. Déan teagmháil linn ar info@cgd.ie nó ar 087 7431398 / 087 9860298. Ní bhíonn in aon rud ach seal agus tá súil againn go dtiocfaidh deireadh leis an gcoróinvíreas go luath. Idir an dá linn, coinnigí sábháilte agus ádh mór. Le meas, Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile (Stiúrthóirí an choláiste) ********************** Statement regarding cancelled courses 22/04/2020 It is with sadness and disappointment that Coláiste Ghaoth Dobhair have to cancel their summer courses for young people. This decision was made based on direction from the Health Service Executive and the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht. We understand that this is a challenging time for everyone and Coláiste Ghaoth Dobhair would like to make arrangements with anyone who has paid a deposit or fees. The college will reimburse you or you can put the money towards next year’s courses. You can contact us on info@cgd.ie or 087 7431398 / 087 9860298. Nothing lasts forever and we hope the end of the coronavirus comes soon. In the meantime, keep safe and best of luck. Regards, Caoimhín Ó Casaide agus Aodh Mac Fhionnghaile (College directors)